The Easter Rising (Irish: Éirí Amach na Cásca), also known as the Easter Rebellion, was an armed insurrection in Ireland during Easter Week, 1916.
The Rising was mounted by Irish republicans to end British rule in Ireland and establish an independent Irish Republic while the United Kingdom was heavily engaged in World War I. It was the most significant uprising in Ireland since the rebellion of 1798.
Organised by seven members of the Military Council of the Irish Republican Brotherhood,the Rising began on Easter Monday, 24 April 1916, and lasted for six days. Members of the Irish Volunteers — led by schoolmaster and Irish language activist Patrick Pearse, joined by the smaller Irish Citizen Army of James Connolly, along with 200 members of Cumann na mBan — seized key locations in Dublin and proclaimed an Irish Republic. There were isolated actions in other parts of Ireland, with an attack on the Royal Irish Constabulary barracks at Ashbourne, County Meath and abortive attacks on other barracks in County Galway and at Enniscorthy, County Wexford. With vastly superior numbers and artillery, the British army quickly suppressed the Rising, and Pearse agreed to an unconditional surrender on Saturday 29 April. Most of the leaders were executed following courts-martial, but the Rising succeeded in bringing physical force republicanism back to the forefront of Irish politics.
------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
PHOBLACHT NA hÉIREANN
RIALTAS SEALADACH
PHOBLACHT NA hÉIREANN
DO MHUINTIR NA hÉIREANN
A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN :In ainm Dé agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sí seanoideas na náisiúntachta, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son a saoirse. Tar éis di a fir a eagrú agus a oiliúint ina heagraíocht rúnda réabhlóideach, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus ina heagraíochtaí míleata poiblí, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, agus tar éis di a riailbhéas a thabhairt go foighneach chun foirfeachta agus feitheamh go buanseasmhach leis an bhfaill chun gnímh, tá sí ag glacadh na faille sin anois, agus, le cabhair óna clainn ar deoraíocht i Meiriceá agus ó chomh-ghuaillithe calma san Eoraip, ach, thar gach ní, le muinín as a neart dílis féin, tá sí ag bualadh buille i ndóchas iomlán go mbéarfaidh sí bua. Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochlóite ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann, agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan chosc gan cheataí. Níor cuireadh an ceart sin ar ceal leis an bhforghabháil a rinne pobal eachtrannach agus a rialtas air le cian d’aimsir ná ní féidir go brách a chur ar ceal ach trí dhíothú mhuintir na hÉireann. Níl aon ghlúin dá dtáinig nár dhearbhaigh pobal na hÉireann a gceart chun saoirse agus ceannas a náisiúin; sé huaire le trí chéad bliain anuas dhearbhaíodar faoi airm é. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunaidh sin agus á dhearbhú arís faoi airm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann ina Stát Ceannasach Neamhspleách agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas, agus lena móradh i measc na náisiún. Dlíonn Poblacht na hÉireann, agus éilíonn sí leis seo, géillsine ó mhuintir uile na hÉireann, idir fhir agus mhná. Ráthaíonn an phoblacht saoirse creidimh agus saoirse shibhialta, comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile, agus dearbhaíonn sí gurb é a rún séan agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn di, le comhchúram do chlainn uile an náisiúin, agus le neamhairt ar an easaontas a cothaíodh d’aontoisc eatarthu ag rialtas eachtrannach agus lér deighleadh mionlucht ón tromlach san am atá imithe. Go dtí go dtabharfaidh feidhm ár n-arm an t-ionú dúinn Buan-Rialtas Náisiúnta a bhunú ó theachtaí do phobal uile na hÉireann arna dtoghadh le vótaí a cuid fear agus ban, déanfaidh an Rialtas Sealadach, a bhunaítear leis seo, cúrsaí sibhialta agus míleata na Poblachta a riaradh thar ceann an phobail. Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUile-chumhacht agus impímid A bheannacht ar ár n-airm; iarraimid gan aon duine a bheas ag fónamh sa chúis sin do tharraingt easonóra uirthi le mílaochas, le mídhaonnacht ná le slad. San uair oirbheartach seo is é dualgas náisiún na hÉireann a chruthú, lena misneach agus lena dea-iompar agus le toil a clainne á dtoirbhirt féin ar son na maitheasa poiblí, go dtuilleann sí an réim ró-uasal is dán di.
Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh
TOMÁS Ó CLÉIRIGH ,SEÁN MAC DIARMADA
TOMÁS MAC DONNCHADHA ,PÁDRAIC MAC PIARAIS
ÉAMONN CEANNT ,SÉAMUS Ó CONGHAILE ,IÓSEPH Ó PLUINGCÉAD.
---------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------